Seán Doyle: Brand Hatch Formula Ford Festival2012

November 9, 2012 by Seán Doyle  

We arrived at Brands Hatch Circuit Wednesday 25th at 6pm to a wet cold evening. Everyone was telling me about the first Corner ‘Paddock Hill Bend’. Well I just couldn’t wait to get out on track the next day so the first thing I did was to cycle the track. Testing next day started early. After the third session, and great work from Morgan Dempsey, we were on the pace with a good wet set up. We were hoping for a dry day Friday so that we could have a dry set up for the circuit. Unfortunately Friday was still very wet. But what a track! Everything I was told about the track was true and so much fun.

Saturday qualifying we were second session out,and it was freezing and DRY! While qualifying the car was bottoming out at the the bottom of ‘Paddock Hill’. I brought the car in to the pits but there was very little we could do with only limited time left. We finished 11th on the grid for the quarter final and it looked like we had the tough heat with lots of the big names in it.

As the race got underway I got a great start to move from 11th to 7th .From there I worked my way to 3rd with two laps to go but was hit from behind going into McLaren and spun into the gravel. I managed to get back out but by then I was in 10th place and I worked hard to get up 7th before the end of the race.

Sunday’s result put me on row 4 for the semi final. We were very happy with this considering circumstances and I was really looking forward to this race . When the lights went out I got a good start and went from 7th into 5th with team Canada in fourth. After a couple of laps, I knew I had the pace to get past him so I would secure a good place in the final. I made the traditional Brands Hatch move. When he went low into Paddock Hill Bend I went high to get the run on the inside up to ‘Druids’ but unfortunately he came back up high and I had no where else to go but the into the gravel- and the rest is history. After the race the team manager of team Canada came and apologised for the racing incident.

As Gaeilge

Shroicheamar Brands Hatch Dé Céadaoin ag 6pm ar thráthnóna fliuch agus fuar. Bhí gach duine ag insint dom faoin gcéad chúinne, ‘Paddock Hill Bend’. Bhuel, ní raibh mé ábalta fanacht dul amach ar an raon agus an chéad rud a rinne mé ná go ndeachaigh mé amach ag rothaíocht air.

Thosaigh an tástáil go luath an lá dar gcionn. Tar éis an tríú seisiún, agus obair iontach déanta ag Morgan Dempsey, bhíomar ag déanamh luas maith ar socrú suas fliuch curtha ar bun. Bhíomar ag súil le lá tirim Dé hAoine ach bhí sé fós an-fhliuch. Gach rud a dúradh liom mar gheall ar an raon seo, an fhírinne a bhí ann, bhí an méid sin spraoi agam air.

Dé Sathairn, bhíomar i lár an dara seisiún amach ar an raon, bhí sé an-fhuar agus TIRIM!! Ach bhí fadhb againn ag ‘Paddock Hill’ nuair a thosaigh an carr ag déanamh teagmhála leis an raon. Thog mé an carr isteach go dtí an láthair athchóraithe ach ní raibh muid in ann mórán a dhéanamh leis an am a bhí fágtha.

Chríochnaíomar san 11ú áit ar an ngreille. Thosaigh an rás agus d’éirigh liom tús iontach a fháil ag bogadh suas ó 11ú go dtí 7ú áit. Ón áit sin d’éirigh liom dul suas arís go dtí an 3ú áit ach ansin i ndiaidh dhá chuaird, bualadh mé ón gcúl ag dul isteach go dtí an ‘McLaren’ agus d’imigh an carr ón raon. D’éirigh liom dul amach ar an raon arís ach faoin am sin, bhí mé ar ais sa 10ú áit ach d’oibrigh mé go crua le dul suas go dtí an 7ú áit roimh deireadh an rása.

Cuireann an toradh ón Domhnach ar an 4ú sraith ar an ngreille mé don leathchraobh.

Bhíomar sásta leis seo ag tógáil na cúinsí san áireamh. Bhí mé an-sceitimíneach ag dul isteach sa rás seo. Nuair a chuaigh na soilse amach, d’éirigh liom tús maith a fháil agus chuaigh mé ón 7ú go 5ú áit le foireann Cheanada os mo chomhair sa 4ú áit. Tar éis cúpla cuaird, bhí a fhios agam go raibh go leor luas bailithe agam le dul os a chomhair ionas go mbainfidh mé áit maith amach don chraobh. Rinne mé an gluais traidisiúnta a dhéantar ag Brands Hatch. Nuair a chuaigh sé íseal ag ‘Paddock Hill’ agus chuaigh mise ard ar an taobh istigh suas go dtí cúinne ‘Druids’, ach ar an drochuair tháinig seisean ar ais suas ard agus ní raibh aon áit eile agam le dul ach isteach sa gairbhéal, agus sin mar a tharla. Tar éis an rása, tháinig bainisteoir na foirne Cheanada thall chugam agus ghabh sé a leithscéal mar gheall ar an eachtra rásaíochta a tharla.

Foclóir/Vocabulary:

Greille= grid
Cúinsí = circumstances
Sceitimíneach = excited
Luas = speed
Gairbhéal = gravel
Eachtra = incident


Speak Your Mind

Tell us what you're thinking...
and oh, if you want a pic to show with your comment, go get a gravatar!